Déan obair dheonach linn

An mian leat cuidiú le daoine agus beathaí a shábháil? Is féidir leat iarratas a dhéanamh chun oibriú i gceann dár nAonaid de chuid an Gharda Cósta. I do cháil mar oibrí deonach, beidh tú mar dhuine d’fhoireann de nach mór 1,000 speisialtóir cuardaigh agus tarrthála tiomanta a chuidíonn leis an bpobal ar fud chósta na hÉireann.

Teaghlach as baile atá ann agus chuirfí fáilte Uí Cheallaigh sa teaghlach sin roimh aon duine ar spéis leo dul isteach ann. Is dóigh liom gur fiú go mór é agus téann sé go mór chun tairbhe duit.”

Adrian Sullivan, Aonad Chuan Chasla

An méid a dhéanann ár n aonaid

Tá gach ceann dár 44 aonad oilte agus feistithe chun oibríochtaí cuardaigh ar talamh a dhéanamh. De réir a suímh timpeall imeallbhord na hÉireann, tá cumais agus riachtanais oibríochtúla shonracha ag aonaid áirithe.

Breathnaigh ar chuid dár gcomhaltaí foirne i mbun gnímh!

Faisnéis thábhachtach roimh iarratas a dhéanamh

Is éard a iarraimid ort ná:

Is é ár dtiomantas duitse ról tairbheach a sholáthar duit i bhfoireann an‑díograiseach mar aon le timpeallacht oibriúcháin shlán agus an oiliúint, an trealamh agus na próisis is gá chun seirbhís éigeandála den chéad scoth a sholáthar.

Is é an rud is mó a thaitníonn liom faoi bheith mar dhuine de Gharda Cósta na hÉireann na daoine ar ár bhfoireann agus an chomrádaíocht. Bíonn daoine timpeall ort a bhfuil an dearcadh céanna acu agus atá agat féin agus tá siad uile ann ar an gcúis chéanna – chun cuidiú le daoine eile – agus cothaítear caidreamh an‑mhaith a bhuí leis sin.

Denise Jeffers, Liagóir le hAonad Gharda Cósta Chathair na Mart

Grúpa Comhairleach an Gharda Cósta

Tá Grúpa Comhairleach an Gharda Cósta (CUAG) ar an gcomhlacht ionadaíoch dár n‑oibrithe deonacha. Soláthraíonn sé modh cumarsáide struchtúrtha idir bainistíocht Gharda Cósta na hÉireann agus comhaltaí deonacha d’Aonaid an Gharda Cósta.

Aithníonn an grúpa an tábhacht atá le hoibrithe deonacha chun cuardach agus tarrtháil a sholáthar in Éirinn agus ligeann sé dóibh a gcuid smaointe agus comhairle a chomhroinnt maidir le cinntí, beartais agus tionscadail a théann i bhfeidhm ar conas a chuireann Garda Cósta na hÉireann a chuid oibre cuardaigh agus tarrthála i gcrích.

Tairgeann ionadaithe CUAG treoir agus tacaíocht freisin i ndáil le haon fhadhbanna nó ábhair imní a fhéadfaidh a bheith ag comhaltaí deonacha laistigh den Gharda Cósta.

Cuir isteach ar obair dheonach a dhéanamh linn