Ár Stair

Tá daoine á gcosaint ag Garda Cósta na hÉireann le blianta fada anuas. Seo an scéal a bhaineann le conas a d’fhásamar ó ghrúpa beag de chriúnna báid chuig an bhfoireann tarrthála nua‑aimseartha atá ionainn inniu.

Ár scéal féin

200 bliain de chóstaí na hÉireann a choimeád slán

  1. An Garda Uisce Coisctheach

    Sular tugadh an Garda Cósta orainn, bhí grúpa ann darbh ainm an Garda Uisce Coisctheach. Is é an cuspóir a bhí aige daoine a stopadh ó earraí a smugláil isteach sa tír gan cánacha a íoc. Bhíodh comhaltaí ina gcónaí i dtithe faire feadh an chósta agus rámhaídís báid amach istoíche chun dul ar patról sna huiscí dorcha.

  2. Ainm nua agus foirgnimh nua

    I mí Eanáir 1822, tháinig roinnt grúpaí difriúla a bhí freagrach as an imeallbhord a chosaint le chéile chun eagraíocht aonair amháin a chruthú. Tugadh an t‑ainm an Garda Cósta ar an tseirbhís nua sin go hoifigiúil. Chun tacú leis na criúnna, cuireadh tús le mórthionscadal foirgníochta ar fud na tíre.
     
    Tógadh stáisiúin cloiche dlúithe ag príomhphointí ar fud imeallbhord na hÉireann. Dearadh na foirgnimh sin le bheith láidir agus buanseasmhach, rud a sholáthair bonn do na foirne chun breathnú ar an bhfarraige agus misin tarrthála a sheoladh. Rud atá suntasach, sa lá atá inniu ann leanann cuid dár bhfoirne in áiteanna amhail Trá Mhór agus an Grianfort d’úsáid a bhaint as na foirgnimh stairiúla sin mar a gceanncheathrú inniu.

  3. Ó smuglálaithe chuig tarrthálaithe

    Faoi na 1850idí, tháinig laghdú suntasach ar an smuglaeireacht feadh an chósta. Toisc go raibh níos lú trádáil neamhdhlíthiúil le stopadh, thosaigh athrú ag teacht ar phost an Gharda Cósta. Cé gur lean sé de bheith ag gníomhú mar thacaíocht don Chabhlach, thosaigh sé ag díriú i bhfad níos mó ar mhisin tarrthála. Seachas dul sa tóir ar choirpigh, chaitheadh sé a chuid ama ag cuidiú le daoine agus ag sábháil earraí luachmhara nuair a bhuaileadh longa in aghaidh na gcarraigeacha.

    Fíoras tábhachtach: An baoi osánach

    Bhí an baoi osánach ar an bpríomhthrealamh tarrthála ar feadh tréimhse is faide ná céad bliain ar imeallbhord na hÉireann. Úsáideadh an cleachtas sin suas go dtí na 1970idí agus cuireadh héileacaptar agus duine castainne ina ionad ar deireadh thiar.

    Le linn an ama sin, d’úsáid an Garda Cósta ball trealaimh cliste ar ar tugadh an baoi osánach chun daoine a tharrtháil ó longbhristeacha. Is éard a bhí ann ná baoi tarrthála agus “treabhsar” (brístí) canbháis ceangailte de. Chaitheadh tarrthálaithe téad tarrthála ón gcladach chuig an long a bhí ag dul go tóin poill, agus ansin tharraingídís daoine chun na sábháilteachta os cionn na dtonnta.

  4. Stáisiúin ar fud na hÉireann

    Faoi 1860, bhí thart ar 200 stáisiún de chuid an Gharda Cósta ar fud chósta na hÉireann. De ghnáth, ba é an chuma a bhíodh orthu ná sraith de chúig nó sé cinn de thithe ina mbíodh cónaí ar na criúnna. Tá cuid mhór de na foirgnimh sin fós ina seasamh inniu, cé gur dódh cuid acu go talamh le linn Chogadh na Saoirse toisc gur measadh go raibh siad ina siombailí de riail na Breataine.

  5. An tSeirbhís Tarrthála Cósta

    Tar éis d’Éirinn teacht chun bheith ina Saorstát, tugadh an tseirbhís ar láimh do rialtas nua na hÉireann. Athainmníodh í mar an tSeirbhís Tarrthála Cósta. Ar feadh cuid mhór blianta, d’úsáid na foirne sin carranna láimhe nó “carranna roicéid” capaill chun a bhfearas a iompar. D’úsáididís dréimirí le haghaidh tarrthálacha aillte agus na “baoithe osánacha” chun daoine a tharraingt as longa a bhí ag dul go tóin poill.

    Na “Tithe Roicéid”: Le linn an ama sin, d’úsáideadh na foirne roicéid speisialta chun líne tharrthála a chaitheamh amach go longa a bhí i dtrioblóid. Mar gheall air sin, inniu tugann muintir na háite “Tithe Roicéid” ar chuid mhór de na foirgnimh bheaga inar coimeádadh an fearas. Chuirtí oibrithe deonacha faoi oiliúint gach trí mhí lena chinntiú go mbeidís réidh d’aon éigeandáil.

  6. Seirbhís éigeandála nua aimseartha

    Tar éis athchóiriú a dhéanamh ar an dóigh a dtarrthálaimid daoine ón aer agus ón bhfarraige, nuashonraíodh an tseirbhís. Athainmníodh í mar Sheirbhís Éigeandála Muirí na hÉireann. B’in tús an chórais nua‑aimseartha a úsáidimid inniu, lena gcinntítear go bhfuil an trealamh is fearr againn chun beathaí a tharrtháil.

  7. Garda Cósta na hÉireann

    I mí Feabhra 2000, athraíodh an t‑ainm uair amháin eile chuig Garda Cósta na hÉireann. Tugtar The Irish Coast Guard orainn i mBéarla. Leis an ainm sin, déantar cur síos foirfe ar a ndéanaimid: táimid anseo chun aon duine a théann ar an uisce, nó gar dó, feadh imeallbhord na hÉireann a chosaint.

  8. 200 Bliain a Cheiliúradh

    Déanann an Garda Cósta ceiliúradh ar 200 bliain i mbun seirbhíse le huachtarán an trátha sin Mícheál D. Ó hUigínn ag Áras an Uachtaráin.

    In 2022, rinneamar ceiliúradh ar ár 200ú breithlá. Inniu, táimid ar cheann de na ceithre phríomhsheirbhís éigeandála de chuid na hÉireann, agus oibrímid i dteannta an Gharda Síochána, na Seirbhíse Otharcharranna agus na Briogáide Dóiteáin.

    Tá níos mó ná 950 oibrí deonach againn anois agus 130 comhalta foirne lánaimseartha. Úsáideann ár bhfoirne héileacaptair, báid agus dróin chun daoine atá ar iarraidh nó i dtrioblóid a aimsiú. Tá córas raidió fairsing againn freisin chun bheith ag éisteacht le maraithe agus le cumarsáid a dhéanamh leo agus tá saintrealamh againn chun doirteadh ola a ghlanadh suas agus ár n‑imeallbhord a choimeád slán agus aoibhinn.