Sábháilteacht Cósta

Cuireann siúlóid aille radhairc fhíoráille agus braistint éalaithe ar fáil – ach tá rioscaí ag baint léi nach mbíonn infheicthe i gcónaí. Is féidir le haillte a bheith níos éagobhsaí ná mar is cosúil, agus is féidir leis na dálaí athrú go tapa. Is éard atá i gceist le bheith slán ná a bheith ullmhaithe agus a bheith aireach.

Leideanna Sábháilteachta Cósta

1.Seiceáil an aimsir sula n imíonn tú

Is féidir leis an ngaoth, leis an mbáisteach agus leis an gceo conairí aille a dhéanamh contúirteach. Seiceáil réamhaisnéis na haimsire i gcónaí agus seachain siúlóidí aille i ndrochaimsir.

2.Fan ar chonairí marcáilte

Is féidir le faobhair na haille a bheith éagobhsaí agus d’fhéadfaidís creimeadh. Cloígh le conairí ainmnithe agus coinnigh achar slán ón bhfaobhar.

3.Cinntigh go mbeidh d’fhón luchtaithe

I gcás éigeandála, is féidir le fón feidhmiúil a bheith ina tharrthálaí. Cinntigh go mbeidh sé luchtaithe go hiomlán sula mbailíonn tú leat.

4.Inis do dhuine éigin cé na pleananna atá agat

Má tá tú ag dul ag siúl i d’aonar, inis do dhuine éigin cá bhfuil tú ag dul agus cathain is dóigh leat a fhillfidh tú.

5.Seachain aillte a dhreapadh nó teacht anuas díobh

Níor cheart aillte a dhreapadh murar cuireadh an oiliúint cheart ort agus mura bhfuil tú feistithe. Fágann carraigeacha scaoilte agus titim thobann go bhfuil sé thar a bheith contúirteach sin a dhéanamh.

6.Tabhair aird ar chomharthaí – ach ná bí ag brath orthu

Tá comharthaí rabhaidh tábhachtach, ach ní bhíonn gach contúirt infheicthe ná marcáilte. Is féidir nach léir creimeadh, talamh scaoilte ná titim thobann.

7.Coinnigh súil ghéar ar leanaí

Ba cheart leanaí a choimeád i bhfad ó fhaobhair aillte agus faoi mhaoirseacht sheasta.

8.Coimeád madraí ar éill

Is féidir go mbainfear geit as madraí atá an‑traenáilte fiú nó is féidir leo dul sa tóir ar fhiadhúlra in aice le haillte. Coimeádann iall slán iad. Má thiteann siad le binn, ná téigh ina ndiaidh, glaoigh ar 999 agus abair go bhfuil an Garda Cósta uait

9.I gcás éigeandála, glaoigh ar 112 nó 999

Abair go bhfuil an Garda Cósta uait. Sábháiltear beathaí a bhuí le gníomh tapa.

Siúlóid aille

Is iontach an t‑eispéireas é siúlóid a dhéanamh feadh bhruach an aigéin, ach is féidir leis an talamh faoi do chosa a bheith i bhfad níos leochailí ná mar a dhealraíonn sé. Chun bheith slán, cloígh le conairí marcáilte i gcónaí agus coimeád achar cuí ón gciumhais, ós rud é gur féidir leis an ngaoth séideadh go tobann nó leis an ithir creimeadh gan choinne.

Coinnigh i bhfad siar ón bhfaobhar

Fágann carraigeacha scaoilte, creimeadh agus titim thobann go mbíonn faobhair aille dothuartha. Ní fiú dul sa seans leis ar mhaithe le haon ghrianghraf.

Bí aireach

Má lorgaíonn tú an uillinn fhoirfe, is féidir nach mbeidh tú feasach ar do thimpeallacht. Tabhair tús áite i gcónaí don tsábháilteacht.

Ná dreap ná ná crom os cionn aille chun pictiúr nó radharc níos fearr a fháil

Tá sé thar a bheith contúirteach carraigeacha nó talamh éagobhsaí a dhreapadh ar mhaithe le grianghraf agus ba cheart sin a sheachaint.

Seachain an ghaoth

Is féidir le gustaí láidre dul i bhfeidhm ar do chothrom – go háirithe nuair atá tú dírithe ar d’fhón nó ar do cheamara.

Ná lig do leanaí ná do pheataí dul ag fánaíocht ar mhaithe le grianghraf

Coimeád in aice láimhe iad agus i bhfad ó fhaobhair aille. Tá a gcuid sábháilteachta níos tábhachtaí ná aon ghrianghraf.

I gcás éigeandála, glaoigh ar 112 nó 999

Abair go bhfuil an Garda Cósta uait. Sábháiltear beathaí a bhuí le gníomh tapa.

Lúblochanna taoide

Seiceáil amanna taoide sula n imíonn tú

Pleanáil do shiúlóid timpeall taoide íseal agus cuir cuid mhór ama i leataobh chun filleadh.

Ná féach le bheith ag siúl trí uisce atá ag ardú

Is féidir le sruthanna a bheith láidir agus dothuartha. Cas ar ais mura bhfuil tú cinnte.

Bíodh cur amach agat ar do bhealach

Is féidir le conairí áirithe a bheith slán le taoide íseal ach imeacht as radharc go hiomlán nuair a thagann an taoide isteach.

I gcás éigeandála, glaoigh ar 112 nó 999

Abair go bhfuil an Garda Cósta uait. Sábháiltear beathaí a bhuí le gníomh tapa.

Láib agus gaineamh súraic

Seachain Réileáin Láibe agus Riasca Goirt

Is féidir leis na limistéir sin a bheith níos contúirtí ná mar a shílfeá. Is féidir le talamh, a bhfuil cuma dhaingean air, imeacht faoi do chosa.

Ná Féach le Limistéir Lábacha a Thrasnú

Is féidir le láib a bhfuil cuma thanaí uirthi fiú a bheith domhain agus tiubh. Cas siar agus aimsigh bealach níos sábháilte.

Coimeád Madraí agus Leanaí in Aice Láimhe

Is féidir go siúlfaidh taiscéalaithe fiosracha leo isteach i dtalamh contúirteach. Fan ar chonairí marcáilte agus coimeád peataí ar éill.

I gcás éigeandála, glaoigh ar 112 nó 999

Abair go bhfuil an Garda Cósta uait. Sábháiltear beathaí a bhuí le gníomh tapa.

Carraigeacha agus pluaiseanna

Ná Téigh Isteach i bPluaiseanna Mara

De dheasca taoidí athraitheacha, is féidir go mbeidh tú sáinnithe in uisce atá ag ardú.

Seachain Titim Smionagair

Is féidir le creimeadh agus carraigeacha scaoilte a bheith ina gcúis le titim thobann – bí aireach.

Ná Bí ag Dreapadh ar Charraigeacha Fliucha nó Sleamhna

Fágann algaí agus cáitheadh na farraige go mbíonn carraigeacha sleamhain agus contúirteach.

I gcás éigeandála, glaoigh ar 112 nó 999

Abair go bhfuil an Garda Cósta uait. Sábháiltear beathaí a bhuí le gníomh tapa.

Seicliosta sábháilteachta

Cuimhnigh