Fís, Misean agus Luachanna

Dá mbeadh orm cur síos a dhéanamh ar luachanna Gharda Cósta na hÉireann i mbeagán focal, labhróinn faoi obair foirne agus comrádaíocht. Bíonn an méid sin le brath an t‑am go léir san fhoireann atá againn anseo i gCuan Chasla.
Earnáil iompair mhuirí a bheith againn atá slán inbhuanaithe agus éascaíocht a dhéanamh ar sheirbhísí iompair mhuirí iomaíocha agus ar úsáid shlán a bhaint as an timpeallacht mhuirí.
Seirbhís cuardaigh agus tarrthála, taisme muirí agus freagartha ar thruailliú den chéad scoth a sholáthar.
Bród: Bí bródúil as an gcion a dhéanann tú agus as cion d’fhoirne, d’aonaid agus do rannóige ar mhaithe leo sin uile a bhaineann leas as na seirbhísí a sholáthraímid, agus a ghlacann páirt iontu.
Meas: Táimid uile ag obair le chéile chun ráiteas misin an Gharda Cósta a bhaint amach. Caith le do chomhghleacaithe uile leis an meas a thuilleann siad trína gcion.

