Séanadh
Déantar gach iarracht lena chinntiú go mbeidh an fhaisnéis a sholáthraítear ar an suíomh gréasáin seo cruinn agus cothrom le dáta; mar sin féin, ní ghlactar le haon fhreagracht dhlíthiúil as aon earráidí, easnaimh ná ráitis mhíthreoracha.
Ní sholáthraítear an fhaisnéis ar an suíomh gréasáin seo ach mar threoir ghinearálta agus ní hé atá inti ná comhairle ghairmiúil, lena n‑áirítear comhairle dhlíthiúil. Níor cheart glacadh leis go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear cuimsitheach ná go soláthraítear freagra cinntitheach léi i ngach cás.
I gcás ina mbeidh aon neamhréireach ann idir an leagan de dhoiciméad a fhaightear ón suíomh gréasáin seo agus an leagan oifigiúil ainmnithe, lena n‑áirítear reachtaíocht, beidh an leagan oifigiúil ainmnithe i réim.
Féadfaidh naisc a bheith sa suíomh gréasáin seo chuig suíomhanna gréasáin seachtracha nó inneachar leabaithe (amhail inneachar físeáin). Cé go soláthraítear na naisc sin i gcás inarb iomchuí, níl an Roinn Iompair ná Garda Cósta na hÉireann freagrach as an inneachar ná as infhaighteacht suíomhanna seachtracha agus ní féidir leo cruinneas na faisnéise ar shuíomhanna gréasáin nach mbainistíonn siad a ráthú. Níor cheart glacadh leis go bhfuil áireamh naisc ná inneachair leabaithe ina fhormhuiniú.
Níl an Roinn Iompair ná Garda Cósta na hÉireann freagrach as aon chaillteanas ná damáiste a eascraíonn as an suíomh gréasáin seo a úsáid ná as bheith spleách ar an bhfaisnéis a sholáthraítear.
