Inrochtaineacht

Ráiteas tiomantais

Táimid tiomanta don suíomh gréasáin seo a dhéanamh inrochtana i gcomhréir le I.R. 358/2020 agus leis an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht.

Táimid tiomanta do chaighdeán AA a bhaint amach faoi threoirlínte WCAG 2.1.

Níl feidhm ag an ráiteas inrochtaineachta seo ach amháin maidir leis an suíomh gréasáin seo – níl feidhm aige maidir le suíomhanna gréasáin rialtais ná fofhearainn eile.

Stádas comhlíontachta

Tá an t‑inneachar HTML dúchasach ar coastguard.gov.ie i gcomhréir le treoirlínte AA 2.1 WCAG. Mar sin féin, is féidir nach mbeidh inneachar seachtrach áirithe atá óstáilte nó leabaithe ar an suíomh gréasáin seo, amhail físeáin YouTube nó OpenStreetMap, i gcomhréir iomlán le treoirlínte inrochtaineachta.

Inneachar neamh inrochtana

Níl an t‑inneachar seo ina liosta uileghabhálach d’inneachar neamh‑inrochtana. D’ainneoin ár n‑iarrachtaí chun inrochtaineacht a fheabhsú, is féidir nach mbeidh inneachar ná feidhmiúlacht áirithe i gcomhréir iomlán fós leis na caighdeáin inrochtaineachta uile. Tá athbhreithniú agus feabhsú á dhéanamh againn go leanúnach ar an suíomh gréasáin chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a shainaithnítear i gcás inar féidir.

Táblaí

I gcás cuid de na táblaí ar an suíomh gréasáin seo, níl ceanntásca atá sainithe i gceart acu. Fágann sé go mbíonn sé níos deacra ar dhaoine a úsáideann léitheoirí scáileáin nó bogearraí aitheanta gutha an t‑inneachar a léamh ar an suíomh. (Treoirlíne 1.3.1 WCAG)

Íomhánna

Níl tuairiscí grianghraf (ná meitea) ag na híomhánna uile ar an suíomh gréasáin seo. Mura mbíonn na tuairiscí cearta ag íomhánna, ní fhoghlaimeoidh úsáideoir a úsáideann teicneolaíochtaí cúnta an fhaisnéis a chuirtear in iúl san íomhá (treoirlínte 1.1.1 WCAG).

Codarsnacht Dathanna

Tá sé mar aidhm againn codarsnacht dathanna leordhóthanach a sholáthar ar fud an tsuímh gréasáin chun tacú le soléiteacht agus inrochtaineacht fad a choinnítear comhsheasmhacht an bhranda. Mar sin féin, i gcás gnéithe branda áirithe, lena n‑áirítear dathanna lógónna agus comhpháirteanna sainaitheantais fhísigh, is féidir nach gcomhlíonfar na cóimheasa codarsnachta molta i gcónaí i ngach comhthéacs.

Inneachar Físeáin

Tá sé mar aidhm againn fotheidil agus fuaim a sholáthar i gcás inar féidir. Mar sin féin, is féidir nach dtacóidh inneachar físeáin tríú páirtí nó níos sine go hiomlán fós leis na saintréithe inrochtaineachta uile.

Nascleanúint Méarchláir

Tá formhór réimsí an tsuímh gréasáin deartha le haghaidh nascleanúint méarchláir, ach is féidir go mbeidh tacaíocht theoranta ag roinnt comhpháirteanna idirghníomhacha nó leabaithe.

Léarscáil

Is féidir nach mbeidh an léarscáil idirghníomhach a úsáidimid go hiomlán inrochtana ag na teicneolaíochtaí cúnta uile. Déanann soláthraí seachtrach í a rialú agus is féidir nach gcomhlíonfar caighdeáin inrochtaineachta go comhsheasmhach léi ar fud na n‑ardán nó na ngléasanna uile. Soláthraítear roghanna malartacha téacs inrochtana.

Conas a thástálaimid an suíomh seo

Úsáidimid treoirlínte WCAG ar leibhéal AA chun tástáil a dhéanamh ar cé chomh hinrochtana atá coastguard.gov.ie. Bhaineamar úsáid as cur chuige na Modheolaíochta Meastóireachta Comhréireachta Inrochtaineachta Suíomhanna Gréasáin (WCAG-EM) chun measúnú a dhéanamh ar an suíomh.

Chuireamar iniúchtaí inrochtaineachta i gcrích agus rinneamar tástáil úsáideoirí ar an suíomh gréasáin. Leanfaimid de sin a dhéanamh.

Pléimid go rialta leis an Údarás Náisiúnta Míchumais (ÚNM), arb é sin an comhlacht faireacháin le haghaidh inrochtaineacht shuíomhanna gréasáin na hearnála poiblí in Éirinn. Tá an suíomh gréasáin faoi réir athbhreithnithe bliantúla de chuid ÚNM.

Aiseolas agus faisnéis teagmhála

Má bhíonn aon ghearáin agat faoi inrochtaineacht an inneachair a úsáidtear ar an suíomh gréasáin seo, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn trínár sonraí teagmhála ar ár leathanach Déan Teagmháil Linn.

Gearán a ghéarú

Mura mbíonn tú sásta lenár bhfreagra, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman faoin Acht um Míchumas.