Oibrigh Linn

Bainim taitneamh as an timpeallacht a ghluaiseann ar aghaidh go tapa agus as éagsúlacht na hoibre – ní mar a chéile aon dá teagmhas. Is aoibhinn liom a thuiscint go ndearna mé difear agus cuidiú á thabhairt do dhaoine eile.

Andrew Henderson, Oifigeach Faire i nGarda Cósta na hÉireann

Gairmeacha le Garda Cósta na hÉireann

Seo a leanas na gnáthphoist a bhíonn ar fáil:

An tOifigeach Faire sna hAirmheáin Comhordúcháin Tarrthála Muirí

Freagraíonn an tOifigeach Faire glaonna éigeandála agus bainistíonn siad oibríochtaí tarrthála. Is é an ról atá acu an fhreagairt ar éigeandálaí ar an bhfarraige, ar an gcósta, ar aillte agus ar aibhneacha, lochanna agus limistéir talún na hÉireann a phleanáil agus a chomhordú. Déileálann siad freisin le trácht raidió agus cumarsáide muirí.

An tOifigeach Sláinte agus Sábháilteachta

Is é ról na nOifigeach Sláinte agus Sábháilteachta tionóiscí, gortuithe agus tinnis oibre a chosc. Cruthaíonn siad beartais sláinte agus sábháilteachta – don fhoireann agus d’oibrithe deonacha – agus cuireann siad chun feidhme iad, i gcomhréir leis na dlíthe agus na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta is déanaí. Áirítear leis an ról freisin a chinntiú go leanfaidh an bhainistíocht, an fhoireann agus oibrithe deonacha an Gharda Cósta na nósanna imeachta sábháilteachta uile.

An tOifigeach Oibríochtaí agus Oiliúna

Tá ról an Oifigigh Oibríochtaí agus Oiliúna ina phost bainistíochta laistigh de Gharda Cósta na hÉireann. Ar na freagrachtaí tá bainistíocht teagmhas muirí ar an láthair, pleanáil gnó agus cuidiú le caighdeáin sábháilteachta a leagan síos, oiliúint a chur ar an bhfoireann agus ar oibrithe deonacha agus tacaíocht a thabhairt dóibh.

An tOifigeach Tacaíochta Feidhmeanna

Is éard atá i gceist le ról an Oifigigh Tacaíochta Feidhmeanna tacú le comhghleacaithe chun príomhfheidhmeanna de chuid an Gharda Cósta a sholáthar agus a fhorbairt trí chuidiú le tionscadail, bainistíocht conartha agus cuairteanna chuig Aonaid an Gharda Cósta. Áirítear leis sin oibriú le rannóga eile de chuid an Gharda Cósta le linn cuidiú le hacmhainní cuardaigh, aille, báid agus dróin a fhorbairt. Tacaítear sa ról le bainisteoirí agus oibrithe deonacha agus cuidítear le hoiliúint agus obair riaracháin a chomhordú.

An tOifigeach Cáilíochta agus Bainistíochta Riosca

Oibríonn an tOifigeach Cáilíochta agus Bainistíochta Riosca san fhoireann Sábháilteachta agus Comhlíontachta. Áirítear leis an ról sin a bheith ag plé le daoine ar fud na heagraíochta chun a chinntiú go leanfar na córais agus na nósanna imeachta cáilíochta agus na caighdeáin sábháilteachta.

An Rannóg Innealtóireachta

Tá an Rannóg Innealtóireachta freagrach as bonneagar teileachumarsáide agus teicniúil náisiúnta an Gharda Cósta a bhainistiú, a choinneáil ar bun agus a fheabhsú. Cinntítear tríd sin gur féidir le Garda Cósta na hÉireann freagairt go tapa agus go héifeachtúil ar éigeandálaí ar an bhfarraige, feadh an chósta agus ar uiscebhealaí intíre.

Bainisteoir Earnáil an Aonaid Cósta

Tá Bainisteoirí Earnáil an Aonaid Cósta freagrach as Aonaid réigiúnacha d’oibrithe deonacha de chuid an Gharda Cósta. Áirítear leis an ról bainistíocht ar AD, maoirseacht, oiliúint, cleachtaí, stórtha agus trealamh a chothabháil agus a rialú agus cigireacht sláinte agus sábháilteachta le haghaidh Aonaid shonracha.  Is éard a bheidh i gceist leis an obair teagmháil a dhéanamh le hAirmheáin Tarrthála Muirí, gníomhaireachtaí Cuardaigh agus Tarrthála agus freastal ar chruinnithe sa bhaile agus ar an gcoigríoch. Beidh cuid mhór infhaighteachta lasmuigh d’uaireanta oifige i gceist leis sin freisin agus freastal ar an obair sna tráthnónta agus ag an deireadh seachtaine.

An tOifigeach Earnála

Oibríonn ról an Oifigigh Earnála go dlúth le hAonaid d’oibrithe deonacha de chuid an Gharda Cósta, foireann an Gharda Cósta agus páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha eile. Sanntar Oifigigh Earnála d’Aonaid shonracha de chuid an Gharda Cósta agus tuairiscíonn siad do Bhainisteoir Earnáil an Aonaid Cósta dá limistéar. Ar a bhfreagrachtaí, tá tacaíocht a thabhairt d’Aonaid an Gharda Cósta trí bhainistíocht a dhéanamh ar cheanglais trealaimh, fardail agus lóistíochtúla agus tacú leis an gcóras cothabhála pleanáilte.

Gairmeacha ag an Roinn Iompair

Ó bheith i d’oibrí deonach chuig bheith i d’oifigeach lánaimseartha sa Gharda Cósta

Na tairbhí a bhaineann le bheith ag obair leis an nGarda Cósta

Is rannán de chuid na Roinne Iompair é Garda Cósta na hÉireann. Trí bheith ag obair leis an Roinn Iompair is féidir gairm thairbheach, shásúil agus éagsúil a dhéanamh i dtimpeallacht oibre thacúil, ionchuimsitheach agus dhearfach.

Cultúr ionchuimsitheach

Glacaimid lucht saothair éagsúil chugainn féin agus is mór againn na scileanna uathúla a thugann an fhoireann ó na cúlraí uile leo chuig ár bhfoireann. Tá ár gcuid oibre á treorú le héiteas seirbhíse poiblí láidir agus bunluachanna na huaillmhéine, na cáilíochta, an chomhoibrithe agus na sármhaitheasa.

Socruithe oibre solúbtha

Tacaímid le cothromaíocht fholláin oibre is saoil trí roghanna oibre cumasctha agus uaireanta solúbtha. Is féidir leis an bhfoireann leas a bhaint freisin as scéimeanna saoire éagsúla, lena n‑áirítear saoire mháithreachais, saoire atharthachta, saoire do thuismitheoirí agus scéim na bliana oibre níos giorra.

Teidlíochtaí pinsin

Tairgtear téarmaí aoisliúntais do chomhaltaí foirne nua i gcomhréir le caighdeáin reatha na Státseirbhíse. Rachaidh formhór na n‑iontrálaithe nua isteach sa Scéim Pinsean Seirbhíse Poiblí Aonair.

Foghlaim agus forbairt

Táimid tiomanta do d’fhás gairmiúil trí phleananna forbartha bliantúla agus rochtain ar réimse leathan cúrsaí oiliúna. Tacaíonn an Roinn freisin le hoideachas tríú leibhéal ábhartha trí réamhíocaíocht táille agus saoire staidéir íoctha.

Éagsúlacht ról

Oibríonn ár bhfoireann i raon leathan réimsí, ó róil ríthábhachtacha oifigeach riaracháin agus seirbhíse chuig poist ghairmiúla speisialtóra. A bhuí leis an éagsúlacht sin, cuirtear timpeallacht dhinimiciúil ar fáil dóibh sin atá ag féachaint le difear dearfach a dhéanamh sa tsochaí.

Incrimintí tuarastail

Tá fostaithe i dteideal scála pá cisealaithe le hincrimintí bliantúla bunaithe ar fheidhmíocht shásúil. Cinnfear do scála pá sonrach de réir do ghráid agus do leibhéil freagrachta.

An scéim saoire breoiteachta íoctha

Soláthraímid scéim saoire breoiteachta íoctha chuimsitheach chun tacú leis an bhfoireann le linn tréimhsí tinnis nó gortaithe. I gcásanna eisceachtúla de ghortú fisiceach tromchúiseach nó de thinneas criticiúil, féadfaidh feidhm a bheith ag forálacha breise chun tacaíocht leanúnach a chinntiú.

Folúntais reatha