Sábháilteacht Uisce

Tá an fharraige cumhachtach, dothuartha agus síor‑athraitheach. Is cuma más ag snámh, ag dul ag bádóireacht, nó díreach ag baint taitneamh as an gcósta atá tú, is féidir beathaí a shábháil trí na rioscaí a thuiscint agus réamhchúraim shimplí a ghlacadh.

Leideanna Sábháilteachta Uisce

1.Seiceáil an taoide agus an aimsir

Is féidir le taoidí athrú go tapa agus tú a sháinniú. Seiceáil amanna na taoide agus réamhaisnéis na haimsire roimh dhul amach.

2.Snámh ag tránna ag a bhfuil garda tarrthála ar dualgas

Más féidir, roghnaigh tránna ag a bhfuil gardaí tarrthála ar dualgas agus snámh laistigh de na bratacha dearga agus buí i gcónaí.

3.Caith seaicéad tarrthála nuair atá tú ar an uisce

Is cuma más ag cadhcáil, ag clárchéaslóireacht nó ag bádóireacht atá tú, is féidir le seaicéad tarrthála atá feistithe i gceart an difear a dhéanamh idir an bheatha agus an bás.

4.Seachain alcól gar don uisce

Cuireann an t‑alcól isteach ar do bhreithiúnas agus ar do chomhordú. Bí sóbráilte nuair a théann tú ag snámh nó nuair a oibríonn tú dobharárthach.

5.Bíodh cur amach agat ar do theorainneacha

Is féidir le tuirse nó crampa teacht ort nó is féidir go ngortóidh tú tú féin gan choinne. Is fíorfheiniméan é suaitheadh uisce fhuair. Bíodh cur amach agat ar do theorainneacha agus ná glac rioscaí nach gá.

6.Inis do dhuine éigin cé na pleananna atá agat

Inis do dhuine éigin cá bhfuil tú ag dul agus cathain is dóigh leat a fhillfidh tú, go háirithe má tá tú ag dul amach i d’aonar.

7.Bíodh modh chun cabhair a lorg leat

Is féidir le raidió VHF (An‑Ardmhinicíocht) nó fón póca i bpúitse uiscedhíonach a bheith ríthábhachtach i gcás éigeandála.

8.Bí ag faire amach do shruthanna cuilitheála

Má théann tú i bhfostú i sruth cuilitheála, ná snámh ina aghaidh. Snámh comhthreomhar leis an gcladach go mbeidh tú saor, ansin déan do bhealach isteach arís.

9.Coimeád leanaí faoi fhad láimhe díot

Coinnigh súil ghéar ar leanaí i gcónaí in aice le huisce, fiú má tá snámh acu.

10.Bí coinne agat le rud nach raibh súil ar bith agat leis

Is féidir le dálaí athrú go tapa. Bí aireach, bí solúbtha agus bí réidh chun casadh ar ais más gá.

11.I gcás éigeandála, glaoigh ar 112 nó 999

Abair go bhfuil an Garda Cósta uait. Coinnigh guaim ort féin, tabhair faisnéis shoiléir agus lean na treoracha.

Snámh san uisce oscailte

Déanann sé maitheas duit dul ag snámh san uisce oscailte agus téann sé chun tairbhe duit – ach tá sé an‑éagsúil le linn snámha. Is féidir le teochtaí fuara, sruthanna agus dálaí athraitheacha tú a fháil ar faill. Tá ullmhúchán agus feasacht ríthábhachtach chun bheith slán.

Téigh i dtaithí air go mall

Téigh isteach san uisce de réir a chéile chun suaitheadh uisce fhuair a sheachaint. Fliuch d’aghaidh agus do mhuineál ar dtús chun cuidiú le do cholainn éirí cleachta leis.

Ná snámh i d’aonar go brách

Snámh le duine éigin eile i gcónaí nó bíodh duine éigin eile ag faire ón gcladach. Má théann rud éigin chun donais, is gá do chuidiú a bheith in aice láimhe.

Beir éadaí teo leat le go mbeidh siad agat níos déanaí

Fiú amháin tar éis duit an t‑uisce a fhágáil, is féidir go leanfaidh do cholainn de theas a chailleadh. Tugtar iarthitim air sin. Chun cuidiú le do cholainn teacht ar ais chuici féin go sábháilte, triomaigh thú féin a luaithe is féidir, cuir éadaí teo ort agus aimsigh fothain ón ngaoth.

I gcás éigeandála, glaoigh ar 112 nó 999

Abair go bhfuil an Garda Cósta uait. Sábháiltear beathaí a bhuí le gníomh tapa.

Caith caipín snámha geal agus snámhán tarraingthe

Fágann siad sin go mbeidh tú níos infheicthe ag báid agus tarrthálaithe. Is féidir le snámhán tarraingthe cuidiú leat sos a ghlacadh freisin más gá.

Bíodh cur amach agat ar an suíomh

Seiceáil le haghaidh taoidí, sruthanna agus pointí amach slána sula dtéann tú ag snámh. Seachain spotaí aduaine nó iargúlta.

Bíodh fón i bpúitse uiscedhíonach leat

Má théann tú ag snámh cois cladaigh, is féidir le cás fóin uiscedhíonach a bheith ina líne tharrthála i gcás éigeandála.

Suaitheadh uisce fhuair

Bíodh cur amach agat ar an riosca

Is féidir le suaitheadh uisce fhuair tarlú in uisce faoi bhun 15°C – rud atá coitianta i bhfarraigí, in aibhneacha agus i lochanna na hÉireann, ó thús deireadh na bliana.

Bí ar snámh chun maireachtáil

Má thiteann tú isteach san uisce, téigh in aghaidh do nádúir tosú ag snámh. Ina ionad sin, bí ar snámh ar do dhroim, coinnigh guaim ort féin agus coinnigh smacht ar d’análú.

Bíodh modh chun cabhair a lorg leat

Is féidir le púitse fóin uiscedhíonach nó rabhchán aimsithe pearsanta duine a tharrtháil i gcás éigeandála.

Ná léim ná ná tum isteach

Tá tumadh tobann contúirteach. Téigh isteach san uisce go mall chun am a thabhairt do do cholainn éirí cleachta leis.

Caith culaith fhliuch nó áis snámhachta

Má tá sé i gceist agat a bheith san uisce, caith an fearas cuí chun cuidiú leat teas colainne a choinneáil agus bí buacach.

I gcás éigeandála, glaoigh ar 112 nó 999

Abair go bhfuil an Garda Cósta uait. Sábháiltear beathaí a bhuí le gníomh tapa.

Sábháilteacht spórt céaslóireachta

Caith áis bhuacachta nó seaicéad tarrthála

Caith áis bhuacachta a bheidh feistithe i gceart i gcónaí. Coinníonn sí ar snámh thú má thiteann tú isteach san uisce agus tugann sí níos mó ama do tharrthálaithe thú a bhaint amach.

Seiceáil an aimsir agus na taoidí

Is féidir leis an ngaoth, le tonnta agus le sruthanna a fhágáil go mbeidh sé deacair nó contúirteach a bheith ag céaslóireacht. Seiceáil an réamhaisnéis agus amanna na taoide i gcónaí sula dtéann tú amach.

Ná téigh ag céaslóireacht i d’aonar go brách

Téigh le daoine eile nuair is féidir. Más gá duit dul i d’aonar, inis do dhuine éigin cé na pleananna atá agat agus cathain is dóigh leat a fhillfidh tú.

I gcás éigeandála, glaoigh ar 112 nó 999

Abair go bhfuil an Garda Cósta uait. Sábháiltear beathaí a bhuí le gníomh tapa.

Bíodh modh uiscedhíonach chun cabhair a lorg leat

Is féidir le raidió VHF nó fón póca i bpúitse uiscedhíonach a bheith ríthábhachtach i gcás éigeandála. Coimeád faoi fhad láimhe díot é.

Bíodh cur amach agat ar do bhealach agus ar do theorainneacha

Pleanáil do thuras go cúramach agus seachain limistéir aduaine nó nochta mura mbeidh tú cleachta leo. Ná gabh thar do leibhéal scile.

Bí feasach ar rioscaí uisce fhuair

Fiú amháin sa samhradh, bíonn uiscí na hÉireann fuar. Gléas thú féin go cuí agus bíodh a fhios agat conas freagairt ar shuaitheadh uisce fhuair.

Sábháilteacht bádóireachta agus dobharárthaigh phearsanta

Caith seaicéad tarrthála i gcónaí

Ba cheart do gach duine ar bord seaicéad tarrthála atá feistithe i gceart a chaitheamh. Is é sin do chéad chosaint i gcás éigeandála.

Bíodh cur amach agat ar do bhád agus ar do threalamh

Cinntigh go mbeidh do shoitheach muiracmhainneach agus go mbeidh a fhios agat conas í a oibriú go sábháilte. Bíodh fearas sábháilteachta ríthábhachtach leat, lena n‑áirítear bladhmanna, feadóg agus fearas garchabhrach.

Bí feasach ar uisce fuar

Bíonn uiscí na hÉireann fuar ó thús deireadh na bliana. Gléas thú féin go cuí agus bíodh a fhios agat conas freagairt ar shuaitheadh uisce fhuair.

Bíodh raidió VHF nó fón uiscedhíonach leat

Tá trealamh raidió VHF ar an modh cumarsáide molta agus ba cheart d’úsáideoirí báid eolas a chur ar a úsáid. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Garda Cósta na hÉireann go díreach ar Chainéal 16.  Níor cheart a bheith ag brath ar fhóin phóca agus níor cheart smaoineamh orthu ach amháin mar mhodh cumarsáide tacaíochta. Ba cheart d’fhón póca a bheith i bpúitse uiscedhíonach ar láinnéar.

Seiceáil dálaí na haimsire agus na farraige

Roimh an lainseáil, seiceáil réamhaisnéis na mara. Ná téigh amach i ndrochdhálaí nó mura bhfuil tú cinnte faoi theorainneacha d’árthaigh.

Comhdaigh plean snámháin

Inis do dhuine éigin cá bhfuil tú ag dul, cé a bheidh leat agus cathain is dóigh leat a fhillfidh tú. Cuidíonn sin le seirbhísí éigeandála freagairt ar bhealach níos tapúla más gá.

Seachain alcól san uisce

Cuireann an t‑alcól isteach ar do bhreithiúnas agus ar d’aga freagartha. Bí sóbráilte le linn aon dobharárthach a oibriú.

I gcás éigeandála, glaoigh ar 112 nó 999

Abair go bhfuil an Garda Cósta uait. Sábháiltear beathaí a bhuí le gníomh tapa.

Surfáil

Bíodh cur amach agat ar na dálaí

Seiceáil réamhaisnéis na surfála, na taoide agus na haimsire i gcónaí sula dtéann tú amach. Seachain bristeacha aduaine nó borradh láidir mura bhfuil tú cinnte de do chumas.

Faigh tuiscint ar na sruthanna cuilitheála

Foghlaim conas sruthanna cuilitheála a thabhairt faoi deara agus a sheachaint. Má théann tú i bhfostú i gceann, ná troid ina aghaidh – téigh ag céaslóireacht comhthreomhar leis an gcladach go mbeidh tú saor, ansin déan do bhealach isteach arís.

Ná téigh ag surfáil i d’aonar go brách

Téigh ag surfáil le daoine eile nuair is féidir. Má tá tú i d’aonar, cinntigh go mbeidh duine éigin ar an gcladach ar an eolas faoi do phleananna.

I gcás éigeandála, glaoigh ar 112 nó 999

Abair go bhfuil an Garda Cósta uait. Sábháiltear beathaí a bhuí le gníomh tapa.

Gléas don uisce seachas don aimsir

Bíonn uiscí na hÉireann fuar ó thús deireadh na bliana. Caith culaith fhliuch oiriúnach chun cuidiú le suaitheadh uisce fhuair agus hipiteirme a chosc.

Bíodh modh chun cabhair a lorg leat

Más féidir, bíodh fón uiscedhíonach nó rabhchán aimsithe pearsanta leat. Inis do dhuine éigin cá mbeidh tú ag surfáil agus cathain is dóigh leat a fhillfidh tú.

Bíodh cur amach agat ar do theorainneacha

Ná gabh thar do leibhéal scile. Is féidir le dálaí athrú go tapa agus is féidir le surfálaithe oilte, fiú amháin, a bheith i dtrioblóid.

Fan ar snámh. Fan i dteagmháil