Eolas fúinne
Is rannán de chuid na Roinne Iompair é Garda Cósta na hÉireann. Táimid ar cheann de na ceithre phríomhsheirbhís éigeandála de chuid an stáit, agus oibrímid i dteannta an Gharda Síochána, na Briogáide Dóiteáin Náisiúnta agus na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna. Soláthraíonn an Garda Cósta seirbhís cuardaigh agus tarrthála muirí, taisme muirí agus freagartha do thruailliú.

Cuardach agus tarrtháil mhuirí
Is é an Garda Cósta seirbhís éigeandála náisiúnta na hÉireann don fharraige. Táimid freagrach as na misin chuardaigh agus tarrthála uile a stiúradh agus a chomhordú laistigh de chrios tarrthála tiomnaithe na hÉireann. Téann an limistéar mór sin thart ar 200 míle amach ó Chósta an Iarthair, 30 míle amach ó Chósta an Deiscirt agus trasna Mhuir Éireann.
Is é an ról atá againn seirbhísí tarrthála a sholáthar d’aon duine atá i gcontúirt. Áirítear leis sin freagairt d’éigeandálaí amuigh ar an bhfarraige, feadh ár n‑imeallbhord carraigeacha agus ar lochanna agus aibhneacha intíre na hÉireann.
Taisme mhuirí
Tá an Garda Cósta freagrach go dlíthiúil as an bhfreagairt d’éigeandálaí tromchúiseacha ar muir a chomhordú. Sna teagmhais sin, ar a dtugtar “taismí muirí” go minic, áirítear aon tionóiscí móra lena mbaineann longa, bonneagar muirí nó daoine atá i gcontúirt.
Freagraímid do réimse leathan cásanna contúirteacha, amhail nuair a théann soithí trí thine, nuair a théann siad i dtalamh nó nuair a bhuaileann siad faoi chéile. Gníomhaíonn ár bhfoirne freisin nuair a bhíonn cliseadh meicniúil ann ar long nó nuair a thagann guaiseacha tromchúiseacha eile roimpi a chuireann beathaí i mbaol.
Tá sé mar chuid lárnach dár ról na contúirtí sin a thabhairt faoi deara go luath. Chun é sin a dhéanamh, déanann an Garda Cósta an méid seo a leanas:
- Bainistítear cumarsáid farraige na hÉireann: Bainistímid an teicneolaíocht a úsáidtear chun súil a choinneáil ar ár n‑uiscí.
- Déantar faireachán ar an trácht: Coinnímid súil ghéar ar ghluaiseachtaí long agus cuirimid cluas orainn féin do chomharthaí guaise.
Bítear ullamh 24/7: Soláthraímid bealaí de lá is d’oíche chun tuairiscí a fháil ar thionóisc nó truailliú.


Freagairt don truailliú
Tá ról ceannasach ag an nGarda Cósta chun timpeallacht mhuirí na hÉireann a chosaint ar thruailliú. Ullmhaímid do bhagairtí amhail doirtí ola agus ceimiceáin chontúirteacha a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh dár n‑imeallbhord nó dár saol muirí, agus bainistímid na bagairtí sin. A bhuí lenár n‑aerárthach sciathán dobhogtha, cumasaítear dúinn faireachán a dhéanamh ar an bhfarraige agus teagmhais truaillithe a imscrúdú, mar a cheanglaítear le rialacha idirnáisiúnta.
Oibríonn ár dtrí airmheán comhordúcháin tarrthála i mBaile Átha Cliath, i gCionn Mhálanna agus i nDairbhre córas fógartha 24 uair an chloig. Fágann sin gur féidir linn tuairiscí ar thruailliú a fháil aon tráth ionas gur féidir linn freagairt go gasta.
Faoi dhlí na hÉireann, tá an chumhacht ag ár n‑oifigigh gníomhú le linn teagmhais mhuirí chun damáiste comhshaoil a chosc nó a laghdú. Tá an Garda Cósta freagrach freisin as an bPlean Teagmhais Náisiúnta um Dhoirteadh Ola sa Mhuir a chur i gcrích chun a chinntiú go mbeidh Éire i gcónaí ullamh chun gníomhú.
Ár n acmhainní
aonad garda cósta
ball foirne lánaimseartha
duine den phearsanra deonach
airmheán comhordúcháin tarrthála

