Buail le Andrew Henderson
Oifigeach Faire, Gharda Cósta
Tá díograis, obair foirne agus grá don fharraige ag teastáil le bheith ag obair i gcroílár ár n oibríochtaí tarrthála muirí. Comhroinneann Andrew Henderson , Oifigeach Faire atá lonnaithe i nDún na nGall a thaithí ar aistriú ó shaol ar an bhfarraige chuig ról cois cladaigh ríthábhachtach laistigh de Gharda Cósta na hÉireann.
Tá Andrew mar dhuine den fhoireann atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar ár gcóstaí agus freagairt dóibh sin atá i ngátar.
Oibríonn sé mar dhuine den fhoireann i gceann de na trí Airmheán Comhordúcháin Tarrthála Muirí in Éirinn – tá Andrew lonnaithe i bhFo ionad Tarrthála Muirí Chionn Mhálanna ina ndéanann sé faire éisteachta ar na minicíochtaí éigeandála don Iarthuaisceart.
Gairm a roghnú faoi thír
Tar éis deich mbliana a chaitheamh ag obair ar an uisce, d’oir an deis chun a scileanna muirí a thabhairt chuig ról ar talamh go paiteanta.
“Le breis agus deich mbliana anuas, mhair na róil a bhí agam roimhe sin ar farraige ar feadh tréimhsí fada san am. Bíonn deiseanna i gcáil mhuirí faoi thír teoranta, mar sin nuair a chonaic mé an fógra thapaigh mé an deis,” a deir sé.
Cumhacht na hoibre foirne
Bíonn an Garda Cósta ag brath ar ghrúpa éagsúil daoine, agus tugann gach duine acu dearcthaí ar leith chuig na hairmheáin tarrthála.
“Mothaítear go láidir go bhfuiltear mar dhuine d’fhoireann. Tugann na hoifigigh uile a gcuid eolais agus taithí féin leo ós rud é go dtagann siad ó réimse leathan cultúr agus cúlraí,” a deir Andrew.
Buntáistí agus cothromaíocht
Soláthraítear timpeallacht chobhsaí ina bhfuil fuílleach spáis don fhás nuair atáthar ag obair don Roinn Iompair. Is mór ag Andrew an chothromaíocht oibre is saoil, an chinnteacht poist, na teidlíochtaí pinsin, na hincrimintí tuarastail agus na deiseanna foghlama agus forbartha leanúnaí atá ar fáil dó.
“Thug sé an deis dom oibriú i ngairm faoina bhfuil mé paiseanta agus cothromaíocht mhaith oibre is saoil a choinneáil ar bun an tráth céanna.”
Difear a dhéanamh
Le haghaidh Andrew, is é an chuid is tairbhí faoin bpost an tionchar atá aige ar an bpobal agus cé chomh hiontach atá an obair.
"Is aoibhinn liom an meas agus an onóir a fhaigheann tú ó dhaoine eile nuair a fhaigheann siad amach go n oibríonn tú do Gharda Cósta na hÉireann. Bhain mé taitneamh ar leith as éagsúlacht an ualaigh oibre i dtimpeallacht a ghluaiseann ar aghaidh go tapa – ní mar a chéile aon dá teagmhas – agus as an tuiscint go ndearna mé difear agus cuidiú á thabhairt do dhaoine eile.”
An tSeirbhís Phoiblí
Molann Andrew d’aon duine atá ag lorg áit oibre thacúil agus ionchuimsitheach smaoineamh ar ról san earnáil phoiblí.
“Is iontach an rud é a bheith ag obair don Roinn Iompair mar tairgeann sí cultúr ionchuimsitheach agus deiseanna foghlama agus forbartha éagsúla.”
Bí ag obair le Garda Cósta na hÉireann
An bhfuil gairm thairbheach á lorg agat inar féidir leat difear ceart a dhéanamh? Tairgeann Garda Cósta na hÉireann deiseanna iontacha do dhaoine atá paiseanta faoi shábháilteacht mhuirí agus faoi chuidiú le daoine eile.
Earcaítear ár róil bhuana uile trí publicjobs.ie, an suíomh gréasáin oifigiúil le haghaidh gairmeacha sa tseirbhís phoiblí in Éirinn. Ar an suíomh sin, is féidir leat folúntais reatha a chuardach, sainchuntais phoist mhionsonraithe a léamh agus foláirimh a chur ar bun ionas nach gcaillfidh tú oscailt nua go brách.
