Arrtar ar úsáideoirí árthaí áineasa smaoineamh, ullmhú – Achomharc Sábháilteachta Uisce do Dheireadh Seachtaine Saoire agus fanacht sábháilte ar an uisce

Roimh dheireadh seachtaine Saoire Bainc na Bealtaine, tá Garda Cósta na hÉireann, Sábháilteacht Uisce na hÉireann agus INRBT ag iarraidh ar gach duine atá cuairteanna cósta nó gníomhaíochtaí á bpleanáil acu ar an uisce, san uisce nó in aice leis an uisce tús áite a thabhairt don tsábháilteacht.

De ghnáth, is é seo tús shéasúr na mbád, agus tugann go leor mairnéalach agus úsáideoirí mótarbháid a gcuid bád ar ais ar an uisce tar éis iad a stóráil le haghaidh an gheimhridh. Moltar go láidir d’úinéirí bád seiceálacha réamhlainseála riachtanacha a dhéanamh, lena n-áirítear riocht na cabhlach, an innill, an chórais breosla, an stiúrtha, na gcadhnraí, agus an trealaimh sábháilteachta ar bord amhail múchtóirí dóiteáin agus gléasanna cumarsáide.:

Meabhraítear d’aon duine atá ag seoltóireacht nó ag mótarbhádóireacht an méid seo a leanas a dhéanamh i gcónaí:

Cuireann Garda Cósta na hÉireann, Sábháilteacht Uisce na hÉireann agus INRBT béim ar an bhfíric go sábháiltear beatha le hullmhúchán, feasacht ar an staid agus an trealamh sábháilteachta ceart. Chun tuilleadh treorach a fháil, moltar d’úsáideoirí uisce dul i gcomhairle leis an gCód Cleachtais chun Árthaí Áineasa a Oibriú go Sábháilte, a sholáthraíonn comhairle riachtanach agus treoir dea-chleachtais d’úinéirí, d’oibreoirí agus d’úsáideoirí árthaí pléisiúir agus áineasa ar uiscí cósta agus intíre na hÉireann. Is féidir an Cód Cleachtais a fheiceáil nó a íoslódáil ag www.safetyonthewater.gov.ie.

Éigeandáil