Comhairle sábháilteachta uisce eisithe ag Garda Cósta na hÉireann, Sábháilteacht Uisce Éireann agus an RNLI roimh Dheireadh Seachtaine Saoire Bainc mhí an Mheithimh

Roimh dheireadh seachtaine Saoire Bainc mhí an Mheithimh, tá Garda Cósta na hÉireann, Sábháilteacht Uisce Éireann agus an RNLI ag tathant ar an bpobal fanacht slán má tá siad chun imeacht amach ar an uisce nó bheith cois uisce.

Cé go bhfuil teocht an aeir tar éis ardú, tá teocht na farraige agus teocht an uisce intíre fós íseal. Tá baol dofheicthe ag baint leis an gcontrárthacht seo, baol tromchúiseach maidir le geit fuar-uisce nó baol hipopiteirme má théann duine isteach san uisce nó má thiteann siad isteach de phleist in uisce.

Fiú amháin ar laethanta te grianmhara, is minic a bhíonn teochtaí uisce faoi bhun 15 ° C; fuar go leor chun geit fuar-uisce a bhaint asat. Nuair a tharlaíonn an t-imoibriú nó freagairt tobann seo, spreagann sé díogarnach anála ainneonach, chomh maith le scaoll, agus freisin cailltear análú rialta, rud a mhéadaíonn go mór an baol báite.

Go leor de na daoine a bheidh ag triall ar an gcósta nó ar uiscebhealaí intíre thar an deireadh seachtaine saoire bainc, beidh siad ag déanamh a gcéad snámh den séasúr. Ná dearmad imeacht isteach san uisce go réamhchúiseach, caith cúpla steall uisce ort féin chun imeacht i dtaithí ar an uisce fuar, ná tum tú féin san uisce ach ar feadh achar gearr agus ná téigh amach thar do dhoimhneacht féin san uisce. Ná téigh i d’aonar, bí ag snámh in éineacht le daoine eile, fanaigí le chéile i gcónaí, agus déan deimhin de go bhfágfaidh gach duine an t-uisce go sábháilte.

Má tá tú ag beartú ar imeacht isteach san uisce nó amach ar an uisce, cuimhnigh:

Má thiteann tú isteach san uisce de phlimp nó má bhíonn deacracht agat, cuimhnigh ar na nithe seo:

Éigeandáil